Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “An Maide Coill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ar maidin amáireach d’eirig sé go moch chun go dtabharfadh sé a mhaidí leis i gan fhios d’fear a’ thíghe. Ach mhothuig seisean ag eirighe é is d’eirig sé féin.
    Do lean sé tamall ó’n dtig ag cainnt leis. Bhí Seán a d’iarraidh é chur abhaile ach ní raibh aon fhonn air ag imtheacht. Bhí sé ag suibhal leis go dtí gur chuaidh sé níos a sia ó’n dtig ná an áit a bhí an mhaide cuilin i bpoll. B’éigin do Sheán a mhaide d’fhágaint nar raibh sé. Nuair a bhí sé ag teacht chun an áit ?na raibh an mhaide chol i bpoll, b’éigin dó rith uaidh chun bhreith leis.
    Thug sé leis an mhaide chol abhaile agus dar fiadh bhí cion aige uirthi. Tháing sé annsan ó’s na Cáiníní go dtí an Clochbhualadh agus a mhaide chol aige. Ins na lactheannta sin bhí Mícheál Riocard in a chomhnuidhe ar an gClochbhualadh. Do bhí capall sa bhfion-? aige le seachtain nár féidir leo fhágailt beo nó marbh. D’iarr sé ar Sheán Ruadh du lag cuardach a’chapall feachaint a’ bhfaigheadh sé beo nó narbh í.
    D’imthig sé is bhí sé ag cur de ag cuardach chun gur bhain sé amach ?isg atá taobh thoir de Thuirín Mháig an Áth. Fuair sé an chapall ann ag inbhír dó féin. Sín sé é féin ar chrocán is leag sé a mhaide uaidh len’ ais. Bhí áthas air mar chall ar an chapall d’fhágailt. Mheas sé go mhothuig é nealáinín codhladhta ag teacht air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Fianachta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 80
    Seoladh
    Clochbhuaile, Co. Chiarraí
    Bailitheoir
    Sígle Ní Conaill
    Inscne
    Baineann