Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí Riobárd lá Domhnaigh ag dul go dtí na Cáintíní. Bhiódh fear in a cómhnuidhe darbh ainm dó Seán “Gheanncach” ach bhí sé imthighthe thar farraige le tamall agus é ann fós dar le Riobárd Ach is amhlaidh bhí Seán tagaithe abhaile le cupla lá
Connachthas Riobárd ag teacht agus cómharluighead do Sheán dul cois chocáin a bhí tamall ón dtig agus leogaint air bheith marbh chun scannradh do chur ar shean-Riobárd. bhailig Riobárd leis go dtí go bhfaca sé an ‘spioradh’ mar a cheap sé de réir deallraimh is beag ná gur cailleadh é le neart eagla. Seo mar ar innis sé féin cad a thuit amach :-
I
Lá breágh Samhraidh sa nGleann ag taisdil dom
Is mé ag trial chun gasra grádhmhar shéimh
Do dhearcas Seán Gheanncach na shamhail cois carriage
Is é tar éis na fairrge trácht i gcéin
S’fhiafruigheas go mall dhe cad a thuig annall comh tapaidh é
D’fhreagair go fann mé amhlaidh do caillieadh é
Do chritheas gan dabht le neart sgannradh is eagla
B’iongantach nár cailleadh mé ach grásta Dé.
II
Is ró-olc an t-am do thainig an namhad so treasna orm
Dia Domhnaig beannuighthe i lár an lae(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Conaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí