School: Lóthar (roll number 10045)
- Location:
- An Lóthar, Co. Chiarraí
- Teacher: B. Ní Mheidhre
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lóthar
- XML Page 317
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sin, tuighe chaithte ar an úrlár agus eadaigh anuas ar sin.
Is cuimhin liom gur innis mo shean athair duinn aon oidhche amháin "beannacht Dé la na anam" gur chuaidh sé féin ag baint móna uair amháin agus dócha gur fháig sé déin an tigh go moch ar maidin; ach go hairighthe nuair a scrois sé an áit do chuaid sé isteach sa tigh a bhí ar an dtalamh san go raibh an mhóin aige. Slean do bhí uaidh agus nuair a chuaid sé isteach ní raibh duine ar bith istigh ach mar sin féin do sheas sé ar feadh cúpla neómait; agus cad a chídhfead sé ag teacht ó doras an t-seomra ná bó agus bean a thighe in a dhiaid san thar éis i bheith á chrú. D'iarraid sé an slean uirthí ach dubhairt sí ná raibh fhios aici cá raibh sé ach do glaodhaigh sí ar fear an tighe, agus cheap mo sheana athair is dócha gur anuas(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- An Rinnín, Co. Chiarraí