Scoil: An Clochar, Neidín

Suíomh:
Neidín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Brighid Ní Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 370

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 370

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Neidín
  2. XML Leathanach 370
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. ''Aistriú an Luain ó thuaidh nó aistriú an Aoine ó dheas, muna mbeadh agat ach pocán gabhair ní dócha go rithfeadh leat.''
    Dá mbeadh duine ag imeacht ó bhaile agus gur ó thuaidh a bheadh a thuras ní léighfeadh na sean daoine dó imtheacht Dé Luain. Mar an gcéadaoin í leigfidís dó dul ó thuaidh dia h-Aoine. Deirtear na beadh aon phioc den ádh ag an duine sin.
    Nós atá ag a lán daoine gan mhuc do mharbhú Dia Luain. Deirtear ná bheadh aon rath ar an gcuid eile ded' mhuca.
    Deirtear leis nach ceart do dhuine a chuid gruaige so bhearradh Dia Luain.
    Nuair a thagann duine isteach i dtig agus go mbíonn cuigeann á dhéanamh ann, bíonn air buille do bhuaileadh leis an loingthe nó an bairle do chasadh mar bheadh amhras ar na daoine gur leo an cuigean go mbéarfadh an cuairteóir an t-ím leis.
    Má bhíonn dhá dhoras i dtig, is ceart do cuairteoirí teacht isteach ags dul amach an doras céadhna.
    Aon áit go mbíonn lios ní ceart dul suas air, brosna do bhailiú as, bláthanna do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Thuama
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort Leathard, Co. Chiarraí