Scoil: Cor Críochach

Suíomh:
An Chorr Chríochach, Co. Mhuineacháin
Múinteoir:
Ss. Ó Muireadhaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cor Críochach | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0934, Leathanach 357

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Má tá tú ag dul leonadh a léigheas tá ort breith ar an ghéig i n-a leonadh agus í a lúbradh agus a shíneadh amach gach re seal agus na focla seo leanas a rádh:
An leonadh seo (lúbadh)
Can éadh ach gortú. (síneadh amach)
An gortú seo (lúbadh)
Can eadh ach leonadh (síneadh amach)
A' leonadh atá ins an mhóin
Tar a Mhuire is bain as é.

Fuarthas é seo thuas ó Thomas Ó Beirn
Lios Dúnáin
30 bliain ó shoin.
Séamus Ó Muireadhaigh, Eanair 1939.

Bailitheoir
Séamus Ó Muireadhaigh
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Tomás Ó Beirn
Inscne
fireann
Seoladh
Lios Dúnáin, Co. Mhuineacháin
Teanga
Gaeilge

Má tá tinneas cinn ort caithfidh tú dul amach agus do láimh a chur thart fá chrann tromáin agus do cheann do bhrúghadh go dlúth ar an chrann agus a rádh;
"Tinneas mo chroidhe-sa, a chrainn tromáin."

Máire Bean Mhathghamhna
Leacht an Albanaigh d'innis
Tá sí marbh le fiche bliain.
Bhí togha Gaedhilge aici.
Séamus Ó Muireadhaigh
Samhain 1938