Scoil: Cnoc na Bró
- Suíomh:
- Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Scannaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Bró
- XML Leathanach 631
- XML “Ó Guíll”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tabharthas ort.
Nuair a bhí sé ag dul abhaile bhí sé ag doras an halla roimis. “Dein maith d’focal” ar sise. “Ní raibh aon nídh a tabharfhadh sé di acht a capall is a caráiste, is thug sé di íad agus d'imthig sé leis abhaile ag siubhal. D’fhan sí sa tig ag Ó Gúill agus bhí sí ró-chabanta do na cailíní go léir. Bhí cathaoir ag Ó Gúill féin agus ní raibh cead ag aoine suidhe inte act é féin. Aoine a suidhfeadh inte geobhad sé píonós mór. Do shuid sí sa cathaoir. Dúbhradar léi éirighe nó marófaí í. “Go deimhin ní marófar” ar sise. Bhí sí ‘na suidhe ar an gcathaoir núair a tháinig Ó gúill isteach. Rug sé ar a claidheamh chuici. “Cad is eagal don bhfaobar?” ar seisean. “Cloch” ar sise.
“Cad is eagal do’n chloch?” ar seisean. “Teine ‘á dhóghadh” ar sise. “Cad is eagal do’n teine?” ar seisean. “Uisce ‘a múchadh” ar sise. “Cad is eagal do’n uisce?” ar seisean.(leanann ar an chéad leathanach eile)