Scoil: Cnoc na Bró
- Suíomh:
- Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Scannaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fé na ngréin. Do thairig suas le n-a h-ais.
“Dia is Muire dhuit, a Fhinn Mhic Cumhail” arsan gaisgidheach.
“Dia is Muire dhuit is Pádraig” arsa Fionn
“Cad é fáth do ‘journey,’ a Fhinn Mhic Cumhail.”
“Cun claidheamh soluis Rí an oileán bháin a tabhairt liom.”
Agus arsan gaiscidheach “Cá bhfuil tú ag dul leis an áireachtaí sin in n-éinfeacht leat.”
“Mar” arsa Fionn, ní luadhálfaí dhom aon duine eile a thabhairt liom.”
Do rug an gaiscidheach ar chaol dhá choise ar Conán agus do bhain sé caitheamh as agus do cuir sé don chaitheamh san abhaile go dtí Rí-theaghlach Fhinn Mhic Cumhail é
“Mise Lorcán mac luirc” arsan gaiscidheach.
Suidh sé féin isteach sa chorcán i dteannta Fhinn chun go chuadar ar thalamh tirim. Chuadar go cúirt an Rí. Do bhuail Lorcán mac Luirc an cuaille comhraic. Tháinig duine amach ag(leanann ar an chéad leathanach eile)