Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 027

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 027

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 027
  3. XML “Saighdiúirí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Saighdiúirí
    Ag seo thíos fé mar do leisteáilis saighdiúirí ná raibh fonn ortha dul isteach san arm in allód-go leór dighe a thabhairt dóibh chun iad do chur ar meisce. Thugaidís deich bpingin dóibh annsan agus nuair a thógaidís é sin bhídís cómh liostálta leo féin. Bhíodh ar gach líon-tighe na saighdiúirí do chothú. Muna ndeinidís amhlaidh cuiridís na daoine as seilbh láithreach bonn baill. Dubhairt Domhnall Ó Conaill go raibh an ceathrú cuid ag na ministéirí agus ag na saighdiúirí gan buidheachas. Aon nidh a d’iarraidh an saighdiúir ar an bhfeirmeóir a mharbhú dhó féin do bheadh air é do dhéanamh. Ag seo mar adubhairt saighdiúir tráth:-
    “Dá mhéid bric na h-abhann a íosfaidh mé
    ‘se Seagháin Baile na h-Abhann a dhíolfaidh asam.”

    Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéul:-
    Seán Ua Muircheartaig (75)
    Tig na mBocht, Cill Áirne
    Ainm an cheanntair ‘nar chaith sí a óige:-
    Gleann Carrthaigh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Muirceartaig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí