Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Bean Sí na Luaiséadach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bean Sí na Luaiscéadach
    Le h-ais na teine dom ist oidhche is mó sgéal agus eachtra a chualadh ó’s na daoine aosda. Cuid den fhírinne i gcuid acu go cinnte agus tá gach deallraimh go raibh a lán eile díobh áiféiseach go leor. Ach pé ‘cu san, é seo síos eachtra in a ngéillidís go fírinneach. Bhí fear de mhuinntir Luaiséad agus inghean leis ag siubhal amach dóibh féin tráthnóna aoibinn samhraidh ar bhruach Bean Sí na Luaiscéadach
    Le h-ais na teine dom istoidhche is mó sgéal agus eachtra a chualadh ó’s na daoine aosda, cuid den fhírinne; cuid acu go cinnte agus tá gach deallraimh go raibh a lán eile díobh áiféiseach go leor. Ach pé ‘cu san, é seo síos eachtra in a ngéillidís go fírinneach. Bhí fear de mhuinntir Luaiséad agus inghean leis ag siubhal amach dóibh féin tráthnóna aoibinn samhraidh ar bhruach faille i comhgar Fiannaite. Shuidheadar ar bhruach na Faille agus thuit an fear d’á chodhladh. Dhúisigh sé i gceann tamaill agus ní raibh aon inghean le feisgint in aon bhall aige agus rud ba greannmhaire ná san ní raibh tásg ná tuairisg le fághail aige ar a mhaide shiubhal ní ar a hata a chuir sé le’n cliathán ar an bport, nuair a shuidh sé síos. Chuardaigh sé síos suas, thall is abhus ag lorg na h-ingine ach chuaidh dá dhícheall aon túairisg a d’fhághail uirthi. B’éigean dó éirighe as an loirgreacht agus níor le h-aon croidhe éadtrom é. Bhí sé ag cur a shaoghail de agus ag déanamh a chúraim. É ag tabhairt turais isteach ar bhaile Thráighlí de réir mar oiread dó. Ráinig ? raibh sé ag filleadh abhaile ó Thráighlí de
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. mná sí (~369)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Cróinín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Gearóid Mach Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lios Póil, Co. Chiarraí