Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Is fada mise ar buairtibh ag lorg tuairisc mo ghrádha

    Amhrán
    Is fada mise ar buairthibh ag lorg tuairisc mo ghrádha,
    ‘Measc coille dubh-uaigneach am ghruagairt chun fáin
    Aon t-amharch ní bhfuaireas cé go gcuarduigheas a láin
    Ó Claisín na Tuamba go bruach-gheal na trágha
    2.
    Nuair a chas mo ghrádh orm níor bhfioláir liom bean saoi;
    Do bhuaileas mo lámh dheas ar a brágaid agus ar a píp,
    ‘Se dubhairt sí liom, “Fág mé. Ní h-amharc duit mé
    Ach gur bean óg ar a’ bhfáin mé, is tabhair do dhán fé’s gach buidhin,
    Mar ní shíneas mo thaobh dheas le h-aoinne fós fe’n Rí,
    Ach bog díom do ghéaga; táim déadhnach óm bhuidhin.
    3.
    D’fháisgeas mo ghéaga ar a caol coimín mín
    Agus uaim-se do léim sí go Ré-Cnoch na mná duibhe.

    Ainm an duine ó’n a bhfuaireas é seo:-
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Tig na mBocht, Cíll Áirne
    An ceanntar ‘nar chaith sí a óige:-
    Baile Ruistín
    Daingean Uí Cúise.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Suilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí