Scoil: Mín (uimhir rolla 13938)
- Suíomh:
- An Tuairín Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: -
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 049](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0450%2FCBES_0450_049.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 049
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín
- XML Leathanach 049
- XML “Pátrún Cnoc na gCaiseal”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tuirín a' Choic. As san amach aoinne a thagadh chun an phatrúin nó aoinne a biodh aon baint aige leis, chuirfí fé coinneal- bháth é. B'sin deire leis an bpatrún ar Thuirín a' Choic i bparoíste Cnoic na gCaiseal a cuireadh ar bun igcuimhne an naoimh a mhúin an soisgéal do muinntir Ciarraige thoir.
(gan teideal) (ar lean)
“Tamall soir ó Tuirín a' Choic i bparóiste Brosna bhí féile d'ar ab ainm Seamas Ó Catháin ina chónaí timpeall 80 bliain ó shin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tamall soir ó Tuairín a Chosc i bParróiste Brosna bhí féile dárab ainm Seumas Neamhurchóideach Ó Catháin ina chómhnuighe timcheall 8o bliain ó shoin. Is mó píosa deas filidheachta chúm sé ach cailleadh iad.Seo piosa do chum sé lá nuair a bhí a chroidhe ciapaithe cráidhte ó bheith ag múineadh suimiú nú addition dá mhacAddition do chealg as do chráidh do chroidhe
Addition ná beidh agatsa go dtéighir sa chill
Mar ní deocair an Mhucallach a thabairt ón gCoíll
Ná addition do chuir in acrann id mháinléad cínn."Is dócha ná raibh an mac san chomh dúr, ámhthacht, is cheap a athair. Lá cruaidh gaothmhar i mí Márta chuir an t-athair amach sa bhuaile é chun smután giúise do ghearradh. Níorbh fhada don mac amuich nuair d'fhill se arís agus bhí á ghoradh féin ag an teine. D'fhiafruigh an t-athair dhe go feargach 'dé chúis nár fhan se amuigh ag obair.Seo mar d'fhreagair an mac:-"bhí an ghaoth anoir 'dtuaidh
bhí fuacht ar mo chosa
bhí an smután cas-chruaidh
is bhí an tuagh ar bogadh"