Scoil: Mín (uimhir rolla 13938)

Suíomh:
An Tuairín Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín
  2. XML Leathanach 047
  3. XML “Pátrún Cnoc na gCaiseal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a tionóladh an patrún so ach i dTuirín a'Choic - baile talmhan leath-shlighe idir Chnoc na gCaiseal is Brosna. Léigheadh Aiffreann amuich fén spéir ar bhárr an chnoic sin in onóir do Naomh Mainchin an lá úd. Thagadh an da phobal (ó Chnoc na gCaiseal is Brosna) agus b'iongantach an seó daoine a bailigheadh ann. Tar éis an Aiffrinn bhíodh agach saghas cleas' lúth, spórt is caitheamh aimsire ar siubhal irith an lae. Bhiodh rinnce is amhráin ann. Bhiodh botha ann in a ndioladh gach uile saghas rudaí - biadh is deoch. Bhiodh an poitín go fluirseach is go saor an uair sin, agus is minic d'eirigheadh eatorra. Ní fada go mbiodh na meisgóirí ag bruighean is ag acrann le na chéile - á mbualadh leis na bataí draighin agus an fhuil a' dortadh.
    Le h-imteacht na h-aimsire ní chun onóir a tabhairt do Naomh Mainchin ná Aiffreann d'éisteacht, ná chun spóirt is caitheamhm aimsire, ná chun braoinín d'ól a thagadh chuid mhaith de mhuinntir an dá phároiste ach chun troda agus diogaltais. Miosa roimh lá an phatrúin bhiodh na bruigheantoirí ag ollmhú, ag fagháil bataí draighin is úirlísí nios measa - agus ag iarraidh ar a gcáirde is a ndaoine muinntearda teacht chun an phatrúin leo.
    Ba mhór an scannail an droch-obair a deintí ag an patrún san ar Túirín a'Choic an lá beannuighthe úd, an 15adh lá Lugnasa, agus nuair a bhí na sagairt clapaithe, cráidhte agus tuirseach ó bheith ag tabhairt comairle a' leasa do'n dá phobal, b'éigin d'Easbog Ciarraighe mallacht na h-Eaglaise do chur ar phatrún
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó hEartnáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí