Scoil: Cillíneach (uimhir rolla 12412)
- Suíomh:
- An Chillíneach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Cuill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cillíneach
- XML Leathanach 211
- XML “Páirc na bhFód”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)abeadh é agus do bhí tráigh ana fhairsing ann. Do bhí na h-aon bannc le feisgint agus do bhí fir an bhaile bocht go léir amuigh ag iasgaireacht bradán agus do bhí an triúr driothár amuigh an lá san agus ní rabhadar i bhfad amuigh nuair a tháinig bád breagh fé sheolaibh soir an beiltín[?] chuca. Nuair a chuadar soir go dtí banncín deas glan do stadadar agus do chuireadar éan breagh amach ar an bannc uathu[?]. Na haon duine a bhí ann, má chonnaiceadar an bád níor leigeadar ortha gur chonnaiceadar í ná an éan. D'iompuig an bád breagh mór timcheall agus do chuir sé an beilitín siar de arís. Do chonnaic na driothár an bád agus an t-éan agus dubharadar le na chéile go raghaidís á d'iarraidh an éin. Do chuaidh duine aca amach as an mbád ach má chuaidh do chuaidh sé ag triall ar an éan. Cho luath is bhí sé chun a lámh do chuir uirthi do chuaidh sé ar lár. Do chuaidh an tarna fear chun é tharrac agus cho luath agus bhí sé i ngiorracht don driothár d'osgail an bannc agus thuiteadar síos agus níor chonnaic aoinne riamh ó shion iad.
An fear pósta d'fhan sé ar an mbád nuair a chonnaic sé a dhriotháireacha agus an deire a bhí aca. Cho luath bhí sé ábalta a bád do sheoladh do tháinig sé chun tír agus na haon bád eile a bhí amuigh cho maith leis. Nuair a iompuigheadar a gceann abhaile do bhí sgamall mór ós cionn páirc an bhfód, a leithéid nár chonnaiceadar riamh roimhe sin ná riamh ó shoin. Do bhí na haon fear a bhí ann ag brostú abhaile feachaint cad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Muirchearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair an Chruitire, Co. Chiarraí