School: Cillíneach (roll number 12412)
- Location:
- An Chillíneach, Co. Chiarraí
- Teacher: Dd. Ó Cuill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cillíneach
- XML Page 212
- XML “Páirc na bhFód”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do bhí suas. Ní raibh duine aca ag feitheamh leis an tarna duine. Do bhí sgannradh air mar gheall an sgamall ait a bhí ós a chionn. Do bhí dhá sgannradh air leis a bheirt driothar dul síos tríd an bannc. Do bhreach[?] sé air go mar gheall air féin a tháinig an sgamall. Nuair a shrois sé a bhothán féin do bhí a bhean istigh agus í na luighe. Do chuaidh sé amach agus cad a chonnaic sé ach nach raibh aon phioc den díon ar bhothán a athar nach raibh straca anuas as ag eanlaithe na h-aer agus iad ag stracadh feola amach tré fhrathacha an tighe.
Do bhí an dá bhothán fé aon dian amháin agus níor bhain na h-eanlaithe le bothán an mhic. Do bhíodar ag tógaint na feola agus do bhíodar ag sileadh é ag doras an bhotháinín eile. Níor stad na h-éanlaithe go dtí go raibh gach blúire eisg agus feola ithte aca. Do bhí an doras dúnta agus do bhris an mac an doras isteach féachaint cá raibh an t-athair agus is amhlaidh a bhí sé sínte ar an tinnteán agus a dhá shúil priocuithe amach as ag na h-éanlaithe. Más beithiúineach féin an mac do bhí cion aige ar a athair agus do thóg sé ar a bhaclain é agus do thóg sé isteach 'na bhotháinín féin é. Do bhí a bhean ag teacht chuici féin an uair sin agus nuair a chonnaic sí an seanduine bocht ag silleadh fola do tháinig truagh ina chroidhe do. Do dhún fear an tighe an doras amach chun na h-eanlaithe do choimeád amach ón athair. "Seadh" ars an t-athair, "do fuaireas mo ghuidhe dom féin is dom chlann nuair a leigeas orm leis na comharsain go rabhamar neam connta[?] nuair a bhí fhios agam nach raibh(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Muirchearta
- Gender
- Female
- Address
- Cathair an Chruitire, Co. Chiarraí