Scoil: Cillíneach (uimhir rolla 12412)
- Suíomh:
- An Chillíneach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Cuill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cillíneach
- XML Leathanach 206
- XML “An Chéibh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bé an céad duine a chuaidh isteach san chéibh atá ar an dtaobh thíar do thig an Feirmeora ná seana mháthair Pádraig Uí Ceinnéide.
Seo mar a tharla. Bhi ál sicíní aici i mí na Márta, agus oidhche amháin nuair a bhí sí a dtiomáint isteach do thuit ceann aca isteach san chéibh tre póll éigint a bhí ann. Níor bhac sí a thuille, ach an leac d'árdú agus dul isteach. Bhí sé ana dorcha agus níor bhfeidir leí an sicín d'fhághail agus dubhairt sí os ard,"ó da raibh solas eigin agam". Ba ar eigin a bhí an focal as a beal nuair connaich sí solas ar an dtaobh eile do'n céibh agus bhí fear éigin ann leis. Chuaidh sí fé na dhéin mar ní raibh eagla ar bith uirte agus nuair dfeuc sí isteach 'na aonaithe cé bhí ann ach a fear céile féin a bhí tar éis bás d'faghail tuairim sé nó seacht do bliantaibh roimis sin. Dosgail sí a béal cun labhairt leis ach níor bféidir leí agus ar an nomat d'imitig sé as a radharch ach in a áit bhí corcán té deas agus rud éigin scríobta air.
Thóg an corcán agus níor bhach sí a thuille le'n sicín.Chuir sí suas insan t-seomra é agus ar a dó a chlog an oidhche sin chuala sí duine éigin in aice na leabtan á rádh,"A Shiobháin,, A Shiobháin, cuir an corcán ins an áit a fuairis é" Níor dhein sí ach é cuir thar n-ais,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Muirchearta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cathair an Chruitire, Co. Chiarraí