Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chodladh gan an tlú a chur treasna an chliabháin le h-eagla go dtabharfadh na daoie maithe leo é8) Níor cheart do bheirt a bheith ag luascadh an chliabháin in aonfeacht9) Níor cheart an cliabhán a luascadh in aon chor nuair ná beadh aoinne istigh ann10) Dá bhfeiceadh iascaire aon rud ruadh nuair a bheadh sé ag dul ag iascaigh ní raghadh sé ann in aon chor, mar ba dhóigh leis go n-éireochadh rud éigin do11) Nuair a bhíonn líon-tighe ag dul a codladh sé an garsún is críonna a nigheann a chosa ar dtúis, agus dá mbeadh seisean imthighthe in áit éigin nighfidís cosa an choiligh ar dtús (?)12) Ní thosnuigheann aoinne ar droch-obair Dé Luain le h-eagla go mbeadh sé a dhéanamh i rith na seachtmhaine13) Níor cheart léimrigh thar duine nuair a bheadh sé sínte mar deirtear ná fásfadh sé níos mó14) Da dtugadh leanbh crudh capaill isteach i dtigh níor cheart é chaitheamh amach mar chaithfeá an rath a bhíonn ar an dtigh amach in a theannta(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí