Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 174b
- XML “An Scoláire Bocht agus an Feirmeoir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Scoláire bocht agus an Feirmeóir1 -9. Ibid.
10. 6-1-'39Scoláire bocht a bhí fadó ann. Tháinig oidhche fhliuch ghaothmhar agus bhí sé tuirseach traochta is é 'na libín báidhte. Thárla tig fermeora comhgarach dó agus bhuail sé isteach ann agus d'iarr sé ar an bhfear bheith istigh. Feirmeoir mór achfuinneach b'eadh é agus bhí doicheall aige roimis an scoláire bocht. Níor theastuigh é leigint istigh ach d'átuigh an bhean air, agus dhein sé é sa deire cé go raibh sé mí-shásta.
D'ith an scoláire bocht ádhbhairín agus do shuidheadar cois na teine ag seanchus. Taréis tamaill cheap an feirmeoir go mbainfeadh sé geit as an scoláire, agus ar seisean ag magadh fé.
"Nuair go bhfuilir tú cómh maith an bhféadfá a innsint dom cad tá ag Dia á dhéanamh anois?"
Níor stad an scoláire, agus ar seisean, ar an bpoinnte:
"Tá Sé ag cur an roith ag iompodh'"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Uí Cheárnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí