Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a doirchigh na spéartha
Is an ghrian gheal gur dhuibh
Do bhí Mac Dé na Glóire
Sa Chrann gan aon chor.Sé Mac Dé na Gloire
Mo stór-sa gan dabht.
Lem croídhe is lé'm anam
Is níl ionghnadh orm ann.
Mar do shil sé an Fhuil Chéasta
D'ár saoradh ar an gcrann
An sleagh nimhe tre na chroídhe
'S an choróin spíon ar A cheann.Nuair d'árduigh an dream cíor-dhubh
An leanbh Íosa chun leabtha
Clár cómhrann ní raibh na tímhcheall
Síodaí na brata;
Sa cré buídhe nuair a shineadh
Mín chneas Rí na n-Aingeal
Gur eirig an Móir-líog úd
Suas díreach na sheasamh.Is go bhfanaidh sa cló chéadna
Go ndeanfaidh an spéir lasadh
Go n-osclochaidh na tuamaí
Is go n-eireóchaidh na mairbh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chiobháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Com an Liaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Chiobháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Com an Liaigh, Co. Chiarraí