Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Leathanach 046
- XML “Ortha an Tromluí”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Ortha an Tromluí (ar lean)
“Bhí bean ag cómhnuighe i gCathair i Treanntaigh fadó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)paidir duit agus ní ghádh dhuit aon eagla a bheith agat róimpe. Do mhúin sí an paidir di agus isn e seo é.
Anna máthair Muire,
Muire máthair Chríost,
Elizabeth máthair Naomh Eóin Baiste,
Cuirim iad san i dtriúr idir me féin agus beartaibh dorchada na h-oidhche.
In ainm an Athair agus an Mhic agus an Sprid Naoimh, Amen.
D'imtig an bhean léi ansan agus ní fada a bhí sí nuair a bhuail an sluagh léi. Do bhí sí ag rádh an phaidir go dtí go raibh an t-sluagh imiththe.
Cheap sí ná beidís imighthe go deó, bhí an sluagh cómh fada san. Nuair a thainig sí go dtí an chéad tig eile d'fhan sí ann go maidin agus ní chuaidh sí amach chómh déanach as san amach.(gan teideal)
“Bhí feirmeoir ann fadó agus bhí mac amháin aige agus bhí cúpla cailín aimsire sa tig.”
[-](leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál O Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cathair an Treantaigh, Co. Chiarraí