Scoil: Ceann Trágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 145
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Aon uair amháin do buaileadh bean tighe éigint i gCill a Ruith breóidhte agus cuireadh fios ar an dochtúir di agus nuair a tháinig sé dubhairt ná leigheasfadh aon nídh í ach anairthe sicín coilig.

    Aon uair amháin do buaileadh bean tighe éigint i gCill a Ruith breóidhte agus cuireadh fios ar an dochtúir di agus nuair a tháinig sé dubhairt ná leigheasfadh aon nídh í ach anairthe sicín coilig. Be lár an gheimhridh a bhí ann san am gcéadna agus ní raibh aon sicín d'aon tsaghas le fáfhail ins an paróiste.
    Nuair ná raibh sí ag dul i bfeabhas dubhairt fear an tíghe lá, go raghad sé féin an Daingean agus ná tiocfadh sé abhaile gan an sicín. Bhí sé déanach sa tráthnóna nuair a dh'fag sé Cill a Ruith ar chapall ialaite. Nuair a cuaidh sé go dtí an Daingean do chuairdig sé gach tig agus sa deire thiar thall deirig leis ceann a d'fághailt agus thosnuig sé ag bogadh cun bóthair agus bhí an oidhche ann go maith an uair sin. Bhí sé ag dul ar chos - anáirde go dtáinig sé go log an Uisce agus annsan do stad an chapall agus ní fhéudfadh an fear coruighe a bhaint as dá gcuirfeadh sé claidheamh tríd. Bhí an coileach istig i mála aige ar mhuin an capaill agus bhí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge