Scoil: Scoil N. Breandán
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Núair a fhéachann sí ndéidh ar an ród
Cíach ort a ghaige gan éifeacht,
Ní dh'fágfair an gé 'gam gan ól.
Curfá
IV
Ó leán ort a ghaige an éithig
Ní dhólas do ghé ná do bhó,
Ach go deimhin sula dh'fágfair an aonach
Ólfad an léine ós do chómhar.
V
Thúbharfainn céad bó bainne mar spré dhuit,
Agus tarbh na ndéidh ins an ród
Seisreach capaill agus céachta
Da mbá leat gan glaodhach go tíghe-an-óil,
Curfá
VI
Dá dtúbharfa céad bó bainne úait féin dom
Agus tarbh na ndéidh ins an ród,
Seisreach capall is céachta,
Ní gheallfainn gan glaodhach go tíghe-an-óil.- Faisnéiseoir
- Peig Ní Muircheartaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na bhFionnúrach, Co. Chiarraí