Scoil: Scoil N. Breandán

Suíomh:
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tadhg Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 214

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Breandán
  2. XML Leathanach 214
  3. XML “An Brianach Óg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Máire Ní Catháín ó Baile na Mhinúraig a thug an t-amhrán so dham. Feach eolas uirthi roime seo)

    (I)
    Raghad'sa amáireach anonn thar sáile
    Ag ceannach láírín dom mhíle stór
    Fuip Naomh Áine gus sríán na láímh dheis,
    Gus íallait árd fé na 'tassels' ór.

    (II)
    Lá le Pádraig i dtig-a-tábhairne bhíosa
    Is mo ghasra aoibhinn lem thaoibh ag ól,
    Cé suidhfeadh taobh liom ná triúr póilíní,
    Is a mbrántasaí acu go sgríobhfa an chóír.

    (III)
    Do phreabas am shuidhe súas don steart do bhí 'gam,
    Is mo mhaide droighne go cruinn am dhóid,
    Do bhúaileas flíp ar an bhfear ba ghroidhe acu,
    Agus do dhein san slíghe amach don Bhríanach Óg.

    (IV)
    Chuireas mo theachtaie le fórsaibh Daingne
    Go Baile an Teármain nó síár go Cóbh,
    Mar a mbíodh na marcaig ag rás ar a gcapallaibh
    Gach lá breágh margaidh agus maidin Fóghmhair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Catháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na bhFionnúrach, Co. Chiarraí