Scoil: Scoil N. Breandán
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An peaca agus an Bás(Pádraig Ó Súilleabháin, Baile an Lochaigh, a thug so dhom. Tá feirm bheag aige agus tá a mhac pósta sa tig leis. Cainnteóir bínn fileadhta iseadh é agus a lán sean-amhráin aige. Ní fios do cé dhein an amhrán seo.)I
Cé thé tú labhairt chómh dána,
le sínúir líath tá fé chíach chráidhte?
Mise an Bás tá lán de thré-neart,
Do leig ar lár clann Adam 7 Ébhá.
II
Leigfad tusa mar aon leó
Agus béarfad ód mhaoin gan mhoill an chré thú.
Feidhil a bhás tábhair cáirde an lae dhom
Agus ná bíadh búairt imeasg mo ghaolta.
III
Is fada an cáirde a fúairis go dtí so.
Faid eile dá bhfaighfá arís é
Mar mhairis ríamh seadh mhairfeá choidhche
Dá fhaid é an cluiche go deire na sgríbe.
IV
Ní eadh cheana; geallaim óm chroidhe dhuit
Bheith am aithrígheach gean gear faoi-cheart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí