Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 576

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 576

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 576
  3. XML “Scéal - Jack”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí mac feirmeóra fadó ann agus thuit sé i ngrádh le bean ná feacaidh sé riamh. Ní fhéadfadh an saoghal mór é a chosc ar imtheacht ar a tóir, bhí grádh chomh mór san aige do'n mbean ná feacaidh sé riamh. D'iarr sé ar a athair costas an bhóthair a thabhairt do. Thug an t-athair capall iallaite dho agus cúig púint déag chun an bhóthair. D'imthig sé air agus e ag cur an bhóthair do bhí cóirí agus corp [?] leagaithe acu ar chrosaire le cur.
    D'fhiafruig sé dhíobh cad na thaobh ná cuirfidhe an corp. Dúbhradar ná cuirfidhe mar go raibh £10 fiacha air agus ní leigfidhe as an dtoirt é go ndíolfidhe na deich bpúint. Chuaidh sé isteach eadortha is do shín sé chúchu [?] na deich bpúint as. Thógadar leo annsan é chun an teampaill. D'imthigh Seán i n-aoinfeacht le sa chóiridhe. Nuair a leigeadar uatha an comhra ar a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0328: The Boy Steals the Giant's Treasure
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0505: Dead Man as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chiobháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Gorta Dubha, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Fíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Gorta Dubha, Co. Chiarraí