Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 523

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 523

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 523
  3. XML “Scéal - Conas mar Fuair Brian Bean”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    balbh. Thug an fear leis í ar chrosaire an Bhaile Iochtaraig. Ní raibh sa tig ach é féin sa mháthair. "Arú cá bhfuairis í sin"? arsa sí.
    "Aige lios Chnoc na h-Abha" ar seisean. Phós sé í. Bhí sí ar an seirbhíseach mná dob'feárr a tháinig isteach i dtig riamh.
    Bhíodar i dteannta chéile ar feadh bliana. Agus bliain 'ó'n oidhche a thug sé leis í ghaibh sé an treo arís. Bhí an ceol sa lios. Bhíodar féin ag cainnt lé na chéile istig. "Bliain is n-oidhche anocht a thug Brian an bhean uainn" arsa duine aca. "Cad é an mhaith do í" arsa an duine eile agus í bodhar balbh."
    "Ní bheadh sí mar sin" arsa an tríomhadh fear "dá dtarraingigheadh sé biorán atá 'na cúl. D'éist sé a bhéal. Ghluais sé abhaile agus chuarduig sé a ceann. Fuair sé an biorán agus thóg as a ceann é agus bhí sí chómh maith agus bhí sí riamh arís.
    D'inis sí a scéal dóibh annsan. Bhí féar fiche bó ag a muinntir. Thug sí eolas dá fear dul chuin a tighe féin.
    Lá áirithe bhí sí ag níghe a bháscóta agus chuir sí a h-ainm agus a sloinne ar a bhrollach. Agus nuair a raghair chuin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Padruig Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí