Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 517

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 517

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 517
  3. XML “Scéal - An Tairbhín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'imthig an tairbhín do féin lá ar na bháireach agus thug sé eocharacha gach aon t-seomra di ach aon t-seomra amháin siúd. Dubhairt sé lei gan baint lei dul annsan. Seadh d'imthig sé. Bhí sí ag slachtú an tighe is ag obair lei agus í ana ghrána agus ana bhorb leis an g-caitín a bhí cois teine.
    Bhí sí chómh fiosrach ná raibh sí sásta nó go n-oscail sí an doras a bhí ar an seomra úd a choisg an tairbhín uirthe agus é ag cur de ar maidin. B'é an seomra é 'na mbíodh na daoine a mharbhuigheadh an tairbhín. Tháinig crith-cos is lámh uirthe nuair a chonnaic sí na cuirp. Thuit trí braonuidheacha fola anuas ar a cois agus ní fheadfadh sí iad a ghlanadh. Bhí sí á scriosadh is á n-glanadh ach theip uirthe na baill fola a bhaint anuas. Chuir sí bróga annsan uirthi chuin ná feiceadh an tairbhín an fhuil tráthnóna. "Dia lem anam is dócha go mbeidh mo cheann so ar an mbloc leis" ar sí mar nár dheineas rud air. Tháinig an tairbhín abhaile. Chuir sé d'iachaibh uirthe na bróga bhaint di anuas. Chonnaic sé an fhuil. Chuir sé a ceann ar an mbloc toisc nár dhein sí rud air agus chuir sé isteach i seomra na ndaoine marbh í. Tháinig an tairbhin arís lá ar na bháireach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0511: One‑Eye, Two‑Eyes, Three‑Eyes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Ghearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Ghearailt
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí