School: Kilmacteige (C.) (roll number 13944)
- Location:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Teacher: Máire, Bean Uí Chuirnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kilmacteige (C.)
- XML Page 276
- XML “Sean-Nósanna”
- XML “Sean-Nósanna”
- XML “Sean-Nósanna”
- XML “Sean-Nósanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Nuair a bhíodh an cónra ag dul amach an doras chuireadh na suidheachain is na stoíl bun ós cionn ar eagla go mbeadh sprid ar bith in a suidhe orrtha.
- Dá mbeadh cárta 'ghá, n-imirt ag aoinne thar ceathar a chlog 'san oidhche thiocfadh an coileach a bhiodh san ám sin in a chodhladh ar an mbarraidh (?) ar an mbord agus scaipeadh sé 'chuile cárta a bhiodh ar an mbord le na dhá sgiathánaibh agus ghlaoidheadh sé trí h-uaire.
Ní dheachaidh na sean daoine in gar do'n fhairrge ná do lochaibh ná d'aibhneachaibh ar Dhomhnach Cincise nó ar Luain Cincis, mar ar na laethe súid bíonn báthadh (?) ar an bhfairrge. - Dheineadh na sean daoiní crudh capaill ar lá Féile Brighde as an dtuighe a a bhíonn sa leabaidh thart ar dhealbh Íosa agus chrochadh siad os cionn an dhorais iad chun go mbead an t-ádh acu i rith na(continues on next page)