Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)

Suíomh:
Kilmacteige, Co. Sligo
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chuirnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0173, Leathanach 276

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0173, Leathanach 276

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilmacteige (C.)
  2. XML Leathanach 276
  3. XML “Sean-Nósanna”
  4. XML “Sean-Nósanna”
  5. XML “Sean-Nósanna”
  6. XML “Sean-Nósanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhíodh an cónra ag dul amach an doras chuireadh na suidheachain is na stoíl bun ós cionn ar eagla go mbeadh sprid ar bith in a suidhe orrtha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Kathleen Ginty
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Kilmacteige, Co. Sligo
    Faisnéiseoir
    John Ginty
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Kilmacteige, Co. Sligo
  2. Dá mbeadh cárta 'ghá, n-imirt ag aoinne thar ceathar a chlog 'san oidhche thiocfadh an coileach a bhiodh san ám sin in a chodhladh ar an mbarraidh (?) ar an mbord agus scaipeadh sé 'chuile cárta a bhiodh ar an mbord le na dhá sgiathánaibh agus ghlaoidheadh sé trí h-uaire.

    Ní dheachaidh na sean daoine in gar do'n fhairrge ná do lochaibh ná d'aibhneachaibh ar Dhomhnach Cincise nó ar Luain Cincis, mar ar na laethe súid bíonn báthadh (?) ar an bhfairrge.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Dheineadh na sean daoiní crudh capaill ar lá Féile Brighde as an dtuighe a a bhíonn sa leabaidh thart ar dhealbh Íosa agus chrochadh siad os cionn an dhorais iad chun go mbead an t-ádh acu i rith na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.