Scoil: Sean-Chill

Suíomh:
An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Riobárd Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 059

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 059

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Chill
  2. XML Leathanach 059
  3. XML “Aonach i Mainistir Chnoc Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo chios sean sgéalta, sean fhoclaí, agus sean raidhtí a chuala me ó bhéal na sean - daoine i n-Gaelteacht GHleann-na- Maith Dhuibhe leath - cgéad bliadhain ó shoin.
    Is i Mainistir Chnúc Ruaidh i g-Condae na Gaillimhe do bhí an chéad aonach ariamh a bhí i g-Cuige Chonnacht. Dhíol fear as Mionloch bó bhainne ann le fear a bhí in a comhnaidhe in aice le Caisleán Riabhach i g-Condae Roschomain. Ba é an margadh do rinneadar punt airgid in aghaidh gach cairt bainne do bhí ag an mbuin sa ló. Dubhairt fear na bó go m-bíodh chuig chairt sa ló ag an m-buin agus mar sin fuair sé chuig phunt uirthi. Nuair a chuaidh sé abhaile d'innis sé an sgéal dá mhnaoi. Ach dubhairt sise leis a fear nach m-biodh aici ach ceithre chairt sa ló. D'imthigh an fear annsin go bh-fuigheadh sé amach an fear a cheannuigh an bhó uaidh go d'tabharfadh sé punt den airgead ar ais dó.
    Nuair a thug an fear do cheannuigh an bhó abhaile í chuir sé í n-innbhear maith í agus bhí sé chairt sa ló aici. D'imthigh sé annsin go bh-fuigheadh sé amach an fear a dhíol an bhó dhó. Agus is í n-Gleann na Maith Dhuibhe do casadh ar a chéile iad agus annsin chuadhar faoi dhéin Rí Chonnacht go socrochadh sé an chúis eatorra. Nuair a d'innis siad an sgéal dó, do ( go d-tabhairfeadh sé punt eile dhó)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    R. O' Connell
    Seoladh
    Cill Choirín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Padhraig Ó hÉanacháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceathrú an Tobair Thiar, Co. na Gaillimhe