Scoil: Sean-Chill
- Suíomh:
- An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riobárd Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Chill
- XML Leathanach 009
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí buachaill óg agus cailín ag ealadh le na chéile chun pósta go moch maidin tsamhraidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Leargan an baile beag in aice an Ghleanna. Bánuigheadh na daoine as in aimsir an droch shaoghail. Chaoin siad ar fágáil na h-áite dóibh mar so:-
"A Leargain pháirtigh i lár na duithche
In a bh-fuil na meacha cumhra ar bhorraibh craobh.
As más caoraigh bhana a bheidheas ins an áit so
A Dia dá bh-fágáil beagán saor."(gan teideal)
“Cailín óg do posadh le fear óg i gCluan Con a tháinig cuma mhór uirthi ina dhiaidh a baile féin.”
Cailín óg do posadh le fear óg i gCluan Con a tháinig cuma mhór uirthi ina dhiaidh a baile féin. Bhí an cumha chomh mhór uirthi gut thainig si abhaile chuig a mathair. Chomhairligh a mathair dí a dul ar ais agus chum sí amhrán ag moladh Cluain Con den inghin:-
"Béidh cruithneacht dhearg ann le baint faoi lughnas
Is ná biodh cumha ort in do Cgluan Cun fein." (an chuid eile caillte)Urnaighthe
Níl in mo ghlórtha ach mar doirtigh an-tuisge den aer
Ach Rí an Domhnaigh agus an Mhaighdean Ghlórmhar tabhairt comhairle do leasa dhuit fhéin.Sean - Rann ag Gleann na Magh duibhs (Gleann na Maiadh)
Dhá mbeadh spre ag an g-cat nach deas a pósaidhe é
Agus níl fhios aige cé ba chomhradh é
Ach tá sé pósta le inghin na caillighe geobuighe ó réir
Agus a liachta óg bean deas agus gan fear aca a phógfadh a in béul- Faisnéiseoir
- P. Ó hÉanacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Tobair Thoir, Co. na Gaillimhe