Scoil: Sean-Chill
- Suíomh:
- An tSeanchoill Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Riobárd Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Chill
- XML Leathanach 003
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Sean chorrán a chaill a shláinte”
Fuaireas an giota so ó Thomás Ó Braonáin (no Brannin dá reír na n-daoine) Anachbeag, Cillchoirín, Béal Atha na Sluagh, Co. na Gaillimhe. Gabha dubh - seachtmho bliadhain d'aois. Chaith sé a shaoghal ins an b-paráiste so.Deir sé gur chum MacFionnachtaigh é - fíle an pharáiste so suim bliadhanta o shoin. Níl sé beo anois. Deir Tomás go raibh feith na filidheachta i g-cloinn Mhic Fhionnacthaigh ar feadh na cianta.Ar shean sleaghán a bhí sé ag tracht. Tá an dán ar fad caillte anois ach na sé línte so:-"Sean chorrán a chaill a shlainte
Agus lán mhála den stumpaí cruaidh
Rug sé ar a dheis láímh ortha
Agus thath sé iad go dtlú
Agus rinne se sleaghán diobhtha
A bhearrfadh an tighearna luadh" (an t-iorradh ruadh b'feidir)
Greasaidhe do b'dheadh Mac Fionnachtaig agus da réir sgéil rinne gabha darbh ainm Ó Gaoithín meanaithe dhó. D'iarr Ó Gaoithín ar Mhac Fionnachtaigh dán a cumadh ag tabhairt mladh den mheanaithe agus den ghabha a rinne é. Dfreagair an fíle (Mac Fionnachtaigh) ar an toirt é mar so:-"Oibreóchaidh mé ins an leathair é go ceann lá no dhóAgus dá réir mar dhéanann sé an obairBheárfaidh mé cailidheacht dhó."- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Gabha (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An tEanach Beag, Co. na Gaillimhe