School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tobar Éanna. Is é Naomh Éanna a bheannuigh an tobar seo. Téigheann na daoine ann ó'n 15adh lá de Lughnasa go dtí an 8adh lá de Mheadhon-Fóghmhar. Tugann siad turas chuig an tobar. Téigheann na daoine thart seacht n-uaire ar chrann beag atá i n-aice an tobair. Abrann siad seacht "Sé do bheatha, a Mhuire" gach uair. Tugann siad cuid de'n uisge abhaile leo. Roimhe seo d'fhágadh na daoine boinn, paidríní agus rudaí mar sin ag na tobair ach ní fhágann siad aon rud acu anois.
Tugann daoine bláthanna leo agus cuireann siad thart iad ar na tobair. Tá sgéal ann faoi Thobar Éanna. Bhí breac ann aon uair amháin. Thug Protastúnach a bhí in a chomhnaidhe san áit seo lei an bhreac agus chuir sí síos é ag bruith i bpota. Dá mbeadh an pota síos ó shoin ní thefighe é ná an t-uisge. Sgaoil sí amach an bhreac agus tháinig sé ar ais go dtí an tobar arís.Sé an chaoi chéadhna a tugann siad turas chuig gach ceann de na tobair. Is i rith an Fhóghmhair a théigheann na daoine go dtí na toibreacha go léir acht amháin Tobar Chuilm Cille. I mí Meithimh a théigheann siad annsin. Tá leigheas éigin le fághail ó na toibreacha go léir. Is iad na Naoimh a bhfuil a n-ainmneacha ar na tobair a bheannuigh an tobar sin acht níl a fhios againn cé bheannuigh Toibreacha Muire. Nuair a bíonn duine tinn agus go ngeallann sé turas a(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Liodáin
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Gleann Loiscthe, Co. na Gaillimhe