Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- XML Leathanach 015
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Oidhche amháin bhí stoirim mhór ann agus bhí na beithigh sa gcnoc. An oidhche seo. dubhairt fear an tighe leis féin go rachadh sé go dtí an cnoc agus go dtiubhradh sé na beithigh abhaile mar bhí faithchíos air go gcaitheadh anuas leis na sgailpeacha iad.
Dimthigh sé leis annsin ar thoír na mbá Bhí sé tuairm a deich a chlog an uair sin Chuardaigh sé gach áit agus ní bhfuair sé iad Bhí faitchíos ag tigeacht air mhar bhí sé ag éirghe mall agus ní raibh ag eirghe leis. Sa deireadh chuaidh sé go dtí an áit seo a bhí an cáil sidheamhail air mhar shíl sé go bhfaca sé cúpla bó ann
Act nuair chuaidh sé níos goire dó rinne sé amach gur cúpla tom luachra a bhí ann act fá'n am seo bhí an-fhaitchíos ag teacht air. Bhfacas dó go raibh an caipín ag eirghe dá cheann agus dubhairt sé leis féin. "Ní bheidh tusa ag déanamh amadáín díomsá agus rug sé air agus chuir síos ina póca é Dimthigh sé leis annsin nó go dtaínic sé an gar don áit a shíl sé a bhfaca sé na beithigh act ní raibh tada le feiceál(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nich Aodhagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mairtín Mac Aodhgháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo