Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó riamh bhí rí agus bainríoghain ann agus bhí inghean acu Mhaireadar go sona sasta le cheile go ceann i bhfad act annsin fuair an bainríoghain bás agus pós an rí aríst.
Ní raibh an dara bhean cineálta leis an gcailín. Labhradh sí go garbh leí. Bhuaileadh sí í. Sa deireadh dhíbir sí as an bpálás í. "Imthigh leat amach ar an gcnoc" ar sise "agus bhí ag tabhairt aire do na caoirigh. Níl slighe duit annseo."
Beigin don cailín bocht an cnoc a thabhairt urithe féin. Ní bhfuair sí greim le n-ithe ó dhuine ar bith. Do cheap an leas-mháthair nach fada a bheadh sí beo amuigh sa fuacht gan dídean gan beacha. Act bhí sean caora dubh sa tréad agus thagadh sí chuici agus thugadh sí biadh dí agus eadaigh le cur uirthí. Mar sin do mhair an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Bhearshúlaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Bearshúlaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe