Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Scéal - An Fear a Chaill an Sparán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bí fear fadó ann agus sé an obair a bhíodh aige ag briseadh cloch ar an mbóthair agus casadh sparán a bhí lán le airgead leis. Nuair a tháinig sé abhaile thug sé gon mhnaoi é mar ní raibh fhios aige céard iad na gineacha chor ar bith agus shíl sé gur cnaipí iad. Ní raibh aon foghluim aige agus séard dubhairt an bhean leis go gcaithfhidh sé dul chun na scoile go raibh siad saidhbhir.
    Chuaidh sé go dtí an sgoil an chéad lá sáthach sásta agus an darna lá ní raibh morán fonn air a dhul ann chor ar bith. Mar sé sin an fáth bhí na sgoláirí ag caitheamh cloch leis agus an tríomhadh lá bhiodar níos measa leis. An té nach raibh biorán aige, bhí snáthaid aige dhá sceabhaíl. "Dar fiadh ní rachaidh mise chuig an sgoil níos mó dhuit mar bhfearr liom an obair a bhí agam cheana ag briseadh cloch."
    Chuaidh sé dhá mbriseadh arís agus lá amhain tháinig fear go dtí é a raibh cárr deas aige. Dfhíarrfhuigh sé dhe cáide bhí sé ann agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Marcus Ó Cathain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mám, Co. na Gaillimhe