Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “Scéal - Fleascín Flinn i nGleann an Uaignis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fada leis agus céard a bheadh ann acht caisleán agus ní féadfadh sé ghabhail isteach ann acht i doras a bhí ar bhárr an chaisleáin.
    Bhí go maith agus ní raibh go holc chuaidh sé suas dréimide agus isteach leis. Ní raibh sa gcaisleán acht bean amháin agus ghléas sí suipéar dhó agus nuair a bhí an suipéar itthe aige shuidh sé síos agus is gairid gur chualaidh siad trí bhéic agus dubhairt an bhean gur b'sin trí fathaigh bhí in a gcomhnuidhe sa gcoill agus dubhairt leis gan a dhul amach no go marbhochadh na fathaigh é, acht mar sin féin dubhairt sé go rachadh sé amach ag suibhlóid, agus nuair a bhí sé píosa beag amach o'n teach casad ceann de na fathaigh leis. Fú Fá Feasóige fághaim boladh Éireannach agus is beag liom do ghreim thuú agus is mór liom do dhá ghreim thú deir sé agus cé aca bfearr leat bheith ag coraideacht ar leacraca dearga nó cúir sgeana mór in de asnacaibh." "Bfearr liom ar leacracha dearga," ars an stoicín. "Tá go maith ar an fathach, agus thosuigh siad agus is beag nár mharbhuigh an stoicín é, acht dubhairt sé leis go dtiubhradh sé claidheamh soluis dhó acht gan é mharbhughadh, agus adeir sé feach ar smut ar bith de na crannaibh sin is maith leat é. "Ní fheicim smut ar bith níos grandha na do smut fhéin," arsa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Coighin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Gairm bheatha
    Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mám, Co. na Gaillimhe