Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “Scéal - Fear na Scuab”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'fiafruigh sé do na sgolairi uilig an dtuibhradh siad abhaile iad go ceann cúpla oidhche, agus loistin a thabhairt doibh agus rud le nithe. Ní thuibhradh aon sgolaire leo iad acht mach baintreaígh a bhí an bhocht. Dubhairt sé nach raibh aon bheatha mhaith aige dhóibh acht chomh maith is a bhí sí aige féin go mbeadh sí acu san. Nuair a chuaidh siad abhaile an tráthnona sin, bhí fáilte ag an mbeantreach rompa agus thug béile chomh maith is a bhí sa teach aici dhóibh, agus chuadhar a chodhladh. Déirigh siad ar maidin agus chuaidh siad chuig an sgoil le mac na bantreaigh.
    Nuair a tháinig siad abhaile tráthnona bhí beile maith reidh dóibh agus seacht gcineal feóla ar an mbord. D'fan siad annsin leis an mbaintreach, agus ag feabhsu a bhí an teach le ithe agus ól chuile lá. D'fanadar ann go ceann lá 'gus bliadhain. Nuair a bhí an lá gus bliadhain thuas, dubhairt siad go raibh siad saitheadh fada leis an mbaintreach, agus go gcaithfeadh siad imtheacht, agus dubhairt sise leo gan imtheacht act fanacht go deo, acht ní fhanadh siad ar rud ar bith. Anois adeir an bhaintreach tharla go bhfuil sibh ag imtheacht, tá sé chomh mhaith agam-sa innseacht díbh nach bhfuil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Liodain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe