School: Cloch Bhreac (roll number 12106)
- Location:
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chaith sé i meidhir fheicéal, nuair a connaich sé an meidhir céard a bhéith air uirri ach an fáine a bhí ag a máthair. Annsin dubhairt sé leí go gcaitheach sí é phósadh mar d'fhag a bhean le h-uchtadh gan aon bhean a phósadh ach an bhean a mbeadh a fáine fhéin i ndan a dhul isteach ar a meidhir agus dubhairt an inghean nach pósach sí é, go dtiubharach sé an fhairrge isteach go dtí an teach, agus bhí cnoc mór idir an teach agus an loch. Lá ámhain fuair sé sgata fir agus bhain siad an cnoc as an mbealach agus leig siad isteach an fairrge go dtí an teach. Nuair a bhí sin déanta aige dubhairt sí leis go gcaitheach sé long a chuir ar an fairrge. Annsin chuir sé long ar an fairrge. Lá ámhain dubhairt sí go raibh sí ag dul amach ag foghluim ar an luing, agus chuaidh an rí leí. Annsin nuair a bhí sí ndan an long a thumhailt chuaidh sí amach lá amhain í fhéin, agus chroch sí na séoltaí agus dimthigh leí amach ar an bhfairrge mhór, ní raibh sí i bhfad amuigh ar an luing na gur chaith(continues on next page)