Scoil: Coill Maolacáin (uimhir rolla 12644)
- Suíomh:
- Béal Átha na mBreac, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Anna M. Ní Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Maolacáin
- XML Leathanach 322
- XML “Sagart agus Cailín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)m'athair fód sa teine iompuigheann sé t-aingeal na láimhe clé ins an teine". "Nuair corruigheann mo mháthair fód sa teine iompuigheann sí t-aingeal na láimhe dheise sa teine agus caithfidh thosuigh ag caoineadh". D'iarr an sagart air é a leigint leis ar feadh bliadhna. Bhí an sagart agus é féin ag suibhal leó. Tháinig cith ortha. Bhíodar istigh i bpáirc chuaidh siad ar fáscadh faoí crann a bhí ann. "Is deas an fás sgéachaibh é sin ars an sagart". "Teigh amach" ars an bhuachaill beag agus tarraing é. Nuair tharraing sé é. Bhí an Coimín Naomhtha i napacín faoí an sgéich. Dubhairt an bhuachaill beag leis "Cuir sin in do phóca agus coinnigh É". Chonnaiceadar solus beag i ngar dó. Rinneadar ar an solus agus bhí teach beag ann. Chuaidheadar isteach. Ní raibh ann acht fear agus d'iarr siad loistín air. Dubhairt se nach raibh sé i ndhan, go raibh sé an-bhocht agus nach raibh aon leaba aige. Dubhairt an sagart leis go bhfanfadh siad ag an teine,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Stancháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Lorcán Mac Cartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe