Scoil: Coill Maolacáin (uimhir rolla 12644)

Suíomh:
Béal Átha na mBreac, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Anna M. Ní Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 321

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 321

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Maolacáin
  2. XML Leathanach 321
  3. XML “Sagart agus Cailín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí ministéir ann fadó agus bí cailín aimsire Caitileach aige. Bhí sí ag dul go Faoistin go dtí an sagart maidin. Dubhairt an mháighistreas léithí. "An Coimín a leigint amach as a béal isteach sa napacín phóca agus É thabhairt abhaile. Rinne sí ambhlaidh. Cuaidh sí an t-aithghiorra treasna na páirce ag dul abhaile di, agus chaill sí an napacín agus an Coimín sa bpáirc. Nuair chuaidh sí abaile ní raibh meas ar bith uirrí nuair nach thug sí an Coimín Naomhtha abhaile. D'fan an sgéal mar sin ar feadh bliadhnta fada. Tháinig sagart isteach go teach bocht. D'ith sé a dhinnéar ann.
    Bhí stócach ann nach raibh aon ciall aige. Nuair bhí an dinnéar ithte acú corruigh fear an tighe fód sa teine agus thosuigh an stócach ag gáiridh.
    D'iarr an sagart, "Cé'n fáth mbíonn sé ag gáiridh" ? Dubhairt an t-athair nach raibh fhíos aige. D'iarr an sagart ar an mbuachaill "cé'n fáth mbíonn sé ag gáiridh" ? "Nuair corruigheann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Stancháird
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Lorcán Mac Cartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe