Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arsa mac an ríogh. "Tá sin déanta" ar sise. An treas cluithche chuaidh an bhean óg é. "Tabhair do gheasaí a mhnaoi óig" arsa mac an ríogh. "Cuirim-se faoi gheasaí thú agus faoi mór imirce na bliadhna, gan an dara greim a ithe ar aon bhord, ná an dara blogam ól as aon chupán, ná an dara néal a chodladh ar aon leabadh go n-abróchaidh tú - Go mbeannuigidh Dia isteach annseo tigh shean nduine na feasóige liatha." Nuair a bhí sin déanta d'imhthigh sí léithi na currachán snámh aríst.
Tháinig mac an ríogh abhaile agus luigh sé ar a leabadh agus bhris sé an ghabháil éadainn san teach. "Is mac ríogh faoi gheasaí thú" arsa an rí leis. Dubhairt an mac gur bheadh. "Cé na geasaí atá ort" arsa an rí. "Gan an dara greim a ithe ar aon bhord, ná an dara blogam a ól as aon chupán, ná an dara néal a chodladh ar aon leabadh go n-abróchaidh mé Go mbeannuigidh Dia isteach annseo tigh sean nduine na feasóige liatha" arsa mac an ríogh. "Sin rud nach ndéanfaidh tú coidhche" arsa an rí "agus dubhairt mise leat gan a dhul síos ag an gcladach. Is féidir leat fanacht sa mbaile agus gan aon ghreim d'ithe ar aon bhord, ná aon bhlogam ól as aon chupán, agus gan aon néal a chodladh ar aon leabaidh." "Ní racaidh mé a chodladh coidhche fé gheasaí" arsa mac an ríogh. Chuaidh sé go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamús Ó Congalaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe