School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arsa mac an ríogh. "Tá sin déanta" ar sise. An treas cluithche chuaidh an bhean óg é. "Tabhair do gheasaí a mhnaoi óig" arsa mac an ríogh. "Cuirim-se faoi gheasaí thú agus faoi mór imirce na bliadhna, gan an dara greim a ithe ar aon bhord, ná an dara blogam ól as aon chupán, ná an dara néal a chodladh ar aon leabadh go n-abróchaidh tú - Go mbeannuigidh Dia isteach annseo tigh shean nduine na feasóige liatha." Nuair a bhí sin déanta d'imhthigh sí léithi na currachán snámh aríst.
Tháinig mac an ríogh abhaile agus luigh sé ar a leabadh agus bhris sé an ghabháil éadainn san teach. "Is mac ríogh faoi gheasaí thú" arsa an rí leis. Dubhairt an mac gur bheadh. "Cé na geasaí atá ort" arsa an rí. "Gan an dara greim a ithe ar aon bhord, ná an dara blogam a ól as aon chupán, ná an dara néal a chodladh ar aon leabadh go n-abróchaidh mé Go mbeannuigidh Dia isteach annseo tigh sean nduine na feasóige liatha" arsa mac an ríogh. "Sin rud nach ndéanfaidh tú coidhche" arsa an rí "agus dubhairt mise leat gan a dhul síos ag an gcladach. Is féidir leat fanacht sa mbaile agus gan aon ghreim d'ithe ar aon bhord, ná aon bhlogam ól as aon chupán, agus gan aon néal a chodladh ar aon leabaidh." "Ní racaidh mé a chodladh coidhche fé gheasaí" arsa mac an ríogh. Chuaidh sé go dtí(continues on next page)- Informant
- Séamús Ó Congalaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway