School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 048

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 048

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 048
  3. XML “Seanduine na Feasóige Léithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí rí in Éirinn fadó agus ní raibh aige ach aon mhac amháin. Ní dheaca an mac seo ag an bhfairrge ariamh go raibh sé bliadhain is fiche d'aois. Dubhairt sé le na athair an lá seo go raibh sé ag dul síos ag an bhfairrge. Dubhairt a athair leis gan a dhul. Níor ghéill sé dá athair d'imhthigh leis síos ag an gcladach. Ba ghéarr a bhí sé ann go bhfaca sé an currachán snámh ag tígheacht agus iomradh na gcéadta uirthi is gan innte ach aon bhean amháin. Tharraing an currach suas ar an tráigh agus tháinig cáilín óg amhach aisti. "An iméochtá cluithche cártaí a mhic an ríogh" ar sise. "Níor thug mé mo chuid cártaí as baile liom" arsa mach an ríogh. "Níl mise mar sin" ar sise "ag tarraingt páca cártaí amhach as a cluais. An chéad cluithche chuaidh mac an ríogh é. "Tabhair do gheasaí a mhic an ríogh" ar sise. "Cuirim-se fé gheasaí thú taltaí m'athar a bheith dubh le beithidhigh" arsa mac an ríogh. "Féach" ar sise "agus tá". D'fhéach mac an ríogh ar talamh a athar agus bhí gach páirc dhe dubh le beithidhigh. An dara cluithche chuaidh mac an ríogh é. "Tabhair do gheasaí a mhic an ríogh" ar sise aríst. "Cuirim-se fé gheasaí thú gach séomra i gcúirt m'athar a bheith lán le ór is le airgead
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    AT0726: The Oldest on the Farm
    Language
    Irish
    Informant
    Séamús Ó Congalaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway