School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a charras críost agus d'innis sé a sgéala dhi. Dubhairt an carras críost leis nach raibh fhios ag aoinne cá raibh sean nduine na féasóige liatha mar a raibh fhios ag triúr dearbhráthar a bhí aici fhéin é. Tá na dearbhráthara sin na mílte bealaigh as seo, triúr fathaigh is eadh iad. Tá an triúr na mílte míle óna chéile. Rinne a charras críost trí cácaí dhi as a bainne cích fhéin. Dubhairt sí leis go marbhóchadh na fathaigh é mar a mbéadh fhíos aca cé hé fhéin agus nuair a thiocfadh sé chomh fada leo na cácaí a bhualadh faoi an tsrón orra agus go bfuigidís boladh a bainne cích fhéin agus go sabhálfadh sé sin é. Thug sí na trí cácaí dhó agus cnáimh chapaill le síneadh ag an bfatach nuair a bhéadh sé ag dul ag craitheadh láimh leis. Annsin d'fhiafruigh sí dhe an raibh sé na mharcaigh mhaith. Dubhairt seisean go raibh sé maith go léor. Thug sí an capall a bféarr a bhí aici dhó. Chuaidh sé ar an gcapall agus rinne an capall trian san aer, trian sanngrian agus trian san ngealai agus tháinig sé ar a bonnacha ar an talamh "Deanfaidh tú na gnaithe" arsa a charras críost.
D'imhthigh leis agus bhí an capall ag tabhairt cnoc de thruslóg léithi agus dhá chnoc de léim rite raite. Nuair a bhí drúin? is deireadh an lae ag tigeacht, bí an giorrán bán ag dul ar sgáth na cupóige agus an chupóig fhéin(continues on next page)- Informant
- Séamús Ó Congalaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway