Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 368
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus d'innis sé dhe cá raibh sé ag dul. Rinne sí trí cháca annsin dhó agus thug sí dhó iad. D'imthigh sé leis annsin go dtáinig sé chuig an gcailligh a bhí sa domhan thoir. Nuair a tháinig sé isteach d'iarr sé na fiacla agus dubhairt sí gur bhain sí fhéin amach iad sin le dornaibh cheana agus nach bhfuigheadh seisean iad nó go mbainfeadh sé amach le troid iad. D' ionnsuigheadar fhéin a chéile mar d'ionnseóchadh dhá bheirt a chéile agus ar deire thiar thall chuir sé an chailleach ar a glúnaibh. Dubhairt an chailleach annsin. "Tiubharfaidh mé leath mo ríoghacht dhuit le mo bheó agus uilig le mo mharbh acht éist liom." Dubhairt sé leis an gcailligh annsin. "Níl mise ag iarraidh tada ort acht na fiacla" Thug an chailleach na fiacla dhó agus d'imthigh se leis agus áthas an domhain air mar gheall gur bhain sé amach na fiacla.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Nic Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe