Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 367
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)léithe is go dtug sí chúig phunt airgid dhó air. Dubhairt sí annsin leis. "Is tusa an fear a bhéas agam-sa agus teara chuig an teach lá eicínt." Tháinig sé chuig an teach tamall in a dhiaidh sin. Dubhairt sí leis an rí go mba é sin an fear a phósfadh sí go mba é an fear is feárr a chonnaic sí in a saoghal ariamh. Bhí an rí sásta acht ní raibh a máthair mar níor thaithnigh an fear léithe a bhí an inghean ag dul a phósadh. Cheap sí nach raibh sé sáthach maith agus dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé a dhul don domhan thoir agus trí fhiacail a mháthar fhághail a bhí ag cailligh san domhan thoir. D' imthigh leis nó go dtáinig sé chómh fada le bruach aibhne. Casadh currach a raibh fear innte dhó agus chuir sé treasna é. Bhí sé ag imtheacht nó gur casadh teach dhó. Chuaidh sé isteach ins an teach agus ní raibh roimhe ann acht sean- bhean(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Nic Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe