Scoil: Ladhar an Chrompáin (uimhir rolla 14998)
- Suíomh:
- Ladhar an Chrompáin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ladhar an Chrompáin
- XML Leathanach 402
- XML “Bóthar na gCat”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)doimhin dorcha atá ag rith ó Cináird a' Teampaill go dtí Árd a' Chaidible. Seo sgéal i dtaobh ainm an bhóthair sin. Bhí duine de muintir hIarflaithe sa Daingean lá agus capall ialaide a bhí aige. Bhí sé déanach go maith agus an oidhche tuitighthe nuair a bhí sé ag cur na trágha anall de, mar ath-giorra mór a b'eadh an tráigh. (Traigh-bheag in aice an Daingin)
Ainíos tríd an dTobar leis agus soir an bóthar go dtí Bóthar na gCat. Ní fada suas ann a bhí sé nuair b'shiud chuige amach na cait na milte aca, agus iad ag glamghail is ag leimrigh i d'iarraigh teacht air. Ní mór nár thuit an t-anam as féin agus as an gcapall.
San únfairt dóibh do ráinigh leis an gcapall a chos a chur anuas ar chat maith mór agus do leigh sé sgréach bháis as, agus ar iompó na baise bhí na cait uile go léir glanta as a radharc agus gan aon aithreachas air. Bhí an cat mór i ndeire na feide agus do labhair sé. "Nuair a raghair abhaile" ar seisean "abair le Murchadh gur marbhuigis Ádhaimh ceann-urradh na gcat."
Bhí iongnadh a chroidhe ar an bhfear acht ó ba rud é ná raibh aon aithne aige ar aoine de'n ainm sin ní raibh fhios aige cad a dhéanfadh sé. Chomáin sé leis agus é go buidheach de'n tslighe 'nar chuaidh sé as. Nuair a shrois sé an baile, do chrom sé ag cur síos dóibh ar na nidhthe a thuit amach dhó. Bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ladhar an Chrompáin, Co. Chiarraí