Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “An Cloigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhuail sé ar an doras agus leigeadh isteach é. Seanfhear a bhí istig ann agus d'fhailtigh sé é; thug sé suipeár maith do agus chuir sé ar leabaidh compoírdiul é i n-einfeacht le beirt pháisde.
    Ar maidin thug sé a breicfeasta dó. D'innis an mac óg do annsin faoi na rudaí a bhfaca sé ar a bhealach chuig an teach agus d'fhiafruigh sé ar an seanfhear innseacht dó cen chiall nu miniú a bhí leis na h-iongantaisi a chonnaic sé.
    Labhair an sean fhear leis annsin agus d'innis sé dhó an chíáll a bhí leis na rudaí a chonnaic sé.

    NA CAORAIGH REAMHRA
    Daoine bochta a bhí ionnta seo ar feadh a saoghail a bhí sásta le toil Dé agus a choinnigh A dlighe. I ngeall ar sin bhiodar geanamhail i n-ámharc Dé.

    NA BEITHÍ TANUIDHE
    Daoine iad seo a bhí saidhbhir le saidhbreas saogalta acht ní raibh siad sásta le toil Dé agus bhí ocras ortha i gcomnaidhe ar mhaoin agus airgead saogalta. I ngeall ar sin ní raibh siad dathamhail i n-amharc Dé ní raibh siad faoi na cumdach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0470: Friends in Life and Death
    Teanga
    Gaeilge