Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 186
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé leis an gcainnt a chuala sé ag na daoine a bhí istigh. Fear agus a bhean a bhí istigh agus iad ag argóint agus a clamhsan le ceile. D'eirigh an chainnt go cruaidh eatorra agus thosnuigheadar ag eascanaidhe. D'eist an buacaill leis an gcainnt ar feadh tamaill agus annsin d'imthigh sé abhaile.Chuaidh sé ag an Aifreann an Domhnach in a dhiaidh sin agus leag sé a chóta ar an gá soluis acht an babhta seo níor choinnigh sé suas é - thuit an cóta ar an t-urlar. Bhí fhios ag an mbuachaill gur gá soluis a bhí ann annsin agus scannruigh sé. Chualaidh an sagart faoi an rud do tharla agus chuir sé fios ar an mbuacaill seo agus d'innis seisean a sgéul dó."Rinne tú eagcoir ort féin agus fanacht ag eisteacht le beirt ag argóint agus ag bruighin" ars an sagart "acht teigh abhaile agus ná tar ag Aifreann nios mó. Ní fheillean sé duit theacht i measg na ndaoine. Naomh a bhí ionnat an cheud Domhnach a thainic tú annseo agus fuair tú comhortha o Dhia fanacht i d'aonraic mar bhí tú."(Fuair mé an sceal seo ó mo mhathair mhóir a cailleadh os cionn 30 bladhain o shoin i n-aois a 87 bladhanna)