Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 146
  3. XML “Seanfhocla na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thug Gincle Conamara ar fad dó. Bhí an duithche sin i seilbh na bhFláthartach an uair sin, agus as sin amach bhí ead agus imreas idir na Mairtínigh agus na Flaithbhearthaigh agus mharbhuigh Flaithbeartaigh Acadh na nIubhair mac Dick.
    Tá sé mar seancas ag na sean daoinibh go raibh Nimble Dick lúbach cleasach agus go bhfuair sé seilbh ar thailte go cam agus go fealltach.
    Bhí duine do Mhuinntear Laidhigh an uair sin in a chomhnaidhe i Magh Eascraidh a raibh duithche mhór talmhan aige "ó Coirib go Fairrghe". Ní raibh aon Bhearla aige agus ar fháil glaodhac dó a léas seilbhe a thabhairt os comhair an Bhreithimh i Cuirt na Talmhan. Rinne sé margadh le Dick mar ba dligheadoir Dick a chuis a phleidhe i dTeach na Cúirte. Dubhairt Dick go raibh sé sásta agus fuair sé greim ar an léás. Dubhairt sé leis an mbreitheamh go raibh an duithche ceannuighthe aige feín o Mac Ui Laidhigh agus tugad dó é. San tráthnona fuair an breitheamh amach an chleas a d'imir Dick ar an seanfhear. Bhí truagh aige don sean fear acht bhí a fhocal tugtha agus a ainm leis an léas.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bobby Mairtín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ros Cathail, Co. na Gaillimhe